Fáilte chuig Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba

Is é ár mian sa chleachtas fiaclóireachta seo sláinte fiacla a chur chun cinn agus aoibh álainn a chur ar d’éadan. Cuirimid réimse iomlán de chóireálacha fiacla ar fáil. Ina measc sin, tá cóireálacha coisctheacha, ginearálta agus ortódóntaic dofheicthe ar phraghsanna réasúnacha.

Cuirimid cóireáil ar fáil do dhaoine fásta agus do pháistí chomh maith le hothair phríobháideacha agus iad siúd a bhfuil cártaí leighis acu sa chleachtas nua-aimseartha atá againn. Tá ár gcuid táillí iomaíoch, agus cuirimid cóireáil agus seirbhís den scoth ar fáil chomh maith le luach ar airgead. Má tá ÁSPC á íoc agat, nó má tá tú féinfhostaithe, is féidir linn a fháil amach an bhfuil tú i dteideal Scrúdú Fiacla agus Scim agus Snas a bheith agat ar €15. Is féidir linn bunachar sonraí nua ar líne a úsáid chun é sin a sheiceáil duit agus cabhrú leat chun éileamh a dhéanamh ar do shochar ar líne. Ciallaíonn sé sin nach gcuirfidh tú am amú ag plé le páipéarachas.

Tá an Dr O’Beirne sároilte chun an imní a bhaineann le cuairt ar an bhfiaclóir a mhaolú agus úsáideann sé na hábhair agus an teicneolaíocht is nua-aimseartha chun cóireáil ar ardchaighdeán nach bhfuil aon phian ag baint léi a chur ar fáil duit. Baintear feidhm as x-ghathanna digiteacha, fótagrafaíocht dhigiteach inbhéil, taifid othar ríomhairithe, Uathchláibh Mocom, scim Ultrasonach agus aershnasú inár lialann.

Teicneolaíocht

Craobhiomaitheoir sa chomhórtas don “Chleachtas Ardteicneolaíochta is Fearr” in 2017

Tá Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba ríomhairithe go hiomlán. Bainimid feidhm as na teicneolaíochtaí is déanaí. Ina measc sin tá bunachar sonraí othar ríomhairithe, radagrafaíocht dhigiteach ríomhairithe (X-Ghathanna), aershnasairí, doirníní Ti-Max LED (druilirí fíorchiúine), uirlisí scime Ultrasonacha Cavitron agus ceamaraí inbhéil ríomhairithe. Ceamara an-bheag go deo is ea ceamara inbhéil. Níl ann ach méid cúpla milliméadar agus úsáidtear é chun pictiúir chruinne a thógáil de d’fhiacla agus de do dhrandal. Cuidíonn sé le diagnóis a dhéanamh agus ceadaíonn sé dúinn íomhánna soiléire a thaifeadadh ar féidir iad a thaispeáint duitse. Is féidir na híomhánna a shábháil ar thaifid an othair nó is féidir iad a phriontáil duit féin, do speisialtóirí eile agus do shaotharlanna déadacha.

Cuireann Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba támhú le hocsaíd nítriúil ar fáil d’othair atá míshocair, rud a chinntíonn arís eile go mbeidh do chóireáil fiacla compordach agus nach mbeidh aon strus ag baint léi.

Tá Teilifís Chliste LED le cluasáin gan sreang ar fáil sa lialann chun gur féidir le hothair féachaint ar na cláir agus ar na scannáin is rogha leo agus ar an gcaoi sin a bheith níos compordaí fad a chuirimidne an cúram fiacla ar fáil.

Táimid tar éis O.P.G. Lánléargais Sirona XG, atá ullamh do 3D le Ceifealaimhéadracht, a chur isteach. Is é sin an trealamh íomháithe déidliachta is sofaisticiúla atá ar fáil aon áit sa domhan.

Is áis iontach den chineál is nua-aimseartha ar fad atá ann. Bainfidh sibhse, ár n-othair, an-leas as an ardteicneolaíocht nua-aimseartha seo. Ceadóidh an teicneolaíocht seo dúinn cúram níos fearr fós a chur ar fáil dár gcuid othar. Chomh maith leis sin, beidh siad níos compordaí, beifear in ann cóireálacha fiaclóireachta níos casta a chur ar fáil amhail, Ortódóntaic agus Ionchlannáin Fiacla. Tugann sí cabhair don fhiaclóir chun Lobhadh na bhFiacla, Galar Pearódóntach, Fiacla agus Cnámha briste san éadan, sa chloigeann agus sa mhuineál, easpa dhéadach, fiacla nár Cuireadh / Comhdhingthe, Ailse cloiginn agus muiníl a bhrath.

Coinnítear súil ghéar ar nochtadh ár n-othar agus ár bhfoirne don radaíocht tríd an tseirbhís ríomhairithe dáileogmhéadrachta “Instadose”, atá á sholáthar ag Córais Íomháithe Medray.


Lean muid ar Facebook

[fts_facebook type=page id=437246459992813 posts=6 height=650px description=no posts_displayed=page_only]

Irish Dentistry Awards 2017 Finalist
Irish Dental Association
Smilelign
The Dawson Academy