Ár bhFoireann

Dr. Patrick O' Beirne | Principal Dentist

An Dr. Patrick F. O’ Beirne Príomh-Dhéidlia

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann Corcaigh (UCC) é an Dr Patrick F. O’ Beirne agus bronnadh Céim Bhaitsiléara sa Déidliacht (B.D.S) le honóracha san fhiaclóireacht athchóiritheach air in 2004. Bhronn an Cumann Idirnáisiúnta um Thaighde Fiaclóireachta Gradam Crest air agus é ina mhac léinn as ucht a chuid staidéir ar úsáid Fluairíde chun cáiréas fiacla a chosc. I mí Feabhra 2017, bhí sé d’onóir ag an Dr O’Beirne cuireadh a fháil chuig Gradaim Fiaclóireachta na hÉireann ag Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Roghnaíodh Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba mar Chraobhiomaitheoir náisiúnta sa chomórtas don “Chleachtas Ardteicneolaíochta is Fearr” agus don “Chóireáil is Fearr d’Othair atá Neirbhíseach”.

Tá breis agus 10 mbliana de thaithí aige sa chleachtadh ginearálta agus chomh maith leis sin chaith sé tamall ag obair san fhiaclóireacht ospidéal-bhunaithe san Astráil. Chomh maith leis sin, chaith Patrick tamall ag cleachtadh fiaclóireacht phéidiatrach le FSS Lár-Tíre agus tá an-taithí aige ar a bheith ag cur cóir leighis ar pháistí agus ar dhaoine óga.

Tá Staidéar Iarchéime san Fhiaclóireacht déanta ag an Dr O’ Beirne in Ospidéal Fiaclóireachta Ollscoil Bhriostó. Tá dioplóma iarchéime san fhiaclóireacht (D.P.D.S) aige freisin chomh maith le cáilíochtaí breise sa Sláinte Bhéil, sa Phearadointeolaíocht, agus san Fhiaclóireacht Athchóiritheach. Tá staidéar iarchéime déanta san Fhiaclóireacht Athchóiritheach Chosmaideach ag an Dr O’ Beirne leis an Ollamh Paul Tipton (atá ina Uachtarán ar an Acadamh Briotanach um Fhiaclóireacht Athchóiritheach) agus san Aeistéitic Éadain (Botox/Dysport) leis an Ollamh Bob Khanna, Ollamh le hAeistéitic Éadain in Ollscoil Sevilla.

Tá staidéar déanta ag an Dr O’ Beirne ar Ortódóntaic i Londain agus in Birmingham agus tá cúram Ortódóntach á chur ar fáil aige i Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba. Cuirimid na “teanntáin dhofheicthe” is déanaí ar fáil dár gcuid othar. Rinne an Dr O’ Beirne staidéar ar Ortódóntaic agus ar Ortaipéidic Dhéadghnúise freisin leis an Dr J.W. Truitt, a bhfuil cáil air ar fud an domhain.

Baineann Patrick taitneamh as gach gné den fhiaclóireacht agus déanann sé freastal rialta ar chúrsaí san fhiaclóire cht chun a bheith feasach ar na forbairtí is déanaí san eolaíocht fiaclóireachta. Ina theannta sin, is breá leis a bheith ag teagasc an ábhair agus ag tabhairt teagaisc do mhic léinn faoi oiliúint san altranas déidliachta. Faoi láthair, tá Lisa Geoghegan, atá ina mac léinn in Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Luain, ag freastal ar Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba gach Aoine chun oiliúint phraiticiúil a fháil san fhiaclóireacht.

Is as Baile Átha Luain é Patrick ó dhúchas, ach tá an-dáimh aige le Maigh Eo mar gurb as an gcontae a bheirt tuismitheoirí. Tá Patrick pósta leis an Radharceolaí áitiúil Ciara McHugh agus tá beirt pháistí acu, Patrick atá cúig bliana d’aois agus Elizabeth atá trí bliana d’aois.

Nuair a bhíonn am saor aige baineann Patrick taitneamh as a bheith ag péintéireacht ola, ag déanamh ealaíon agus ceardaíochta lena bheirt pháistí, as léamh, as ceol clasaiceach agus as am a chaitheamh sa bhaile lena chlann.


Tricia Kay Hughes | Dental Surgery Assistant

Tricia Kay Hughes Cúntóir Lialainne Fiaclóra

Thosaigh Tricia Kay ag obair i Lialann Fiaclóra Bhaile an Róba in 2015. Bronnadh an gradam Banríon na Lochanna uirthi in 2012. Tá craobhchomórtais sa damhsa Gaelach buaite aici agus glacann sí páirt go rialta i gcomórtais idirnáisiúnta. Tá céim sa Ghnó, sa Spórt agus sa Chaitheamh Aimsire bainte amach aici. Is cúntóir Lialainne Fiaclóra í “T.K.” atá suáilceach, cairdiúil agus atá sásta i gcónaí cabhair a thabhairt. Is breá léi a bheith ag comhrá le hothair agus iad a chur ar a suaimhneas. Nuair a bhíonn am saor aici, is breá léi damhsa agus nuair nach mbíonn sí á dhéanamh sin, is breá léi a bheith ag bácáil. Le gairid, tá an-suim aici sa dearadh intí agus sa DFÉ.


Nora Hopkins | Receptionist | Practice Manager

Nora Hopkins Fáilteoir / Bainisteoir Cleachtais

Is í Nora ár bhfáilteoir agus ár mbainisteoir cleachtais. Is as Conga in aice láimhe í agus tá sí ag obair sa lialann ó bunaíodh i mí Aibreáin 2011 í. Tá Nora an-tógtha le Cumann Lúthchleas Gael agus téann sí ar fud an domhain ag tacú le peileadóirí Mhaigh Eo. Is breá le Nora a bheith ag garraíodóireacht agus tugann sí aire do na bláthchiseáin iontacha a bhíonn ar crochadh againn gach samhradh.


Beidh gach ball foirne sásta aon cheisteanna atá agat maidir le cóireáil, coinní nó scéimeanna árachais a fhreagairt.

Irish Dentistry Awards 2017 Finalist
Irish Dental Association
Smilelign
The Dawson Academy